Site Feedback

Tá eagla gorm roimh na todhchaí na teanga

D'fhéach mé go díreach físeán faoi na todhchaí Ghaeilge. An creideann sibh nach bheidh i gcúpla bhliana aon gaeilgeoir dúchais fágtha ann? 

Share:

Comments

Níl mé róbhuartha faoin mhéid a tharlóidh i gceann cúpla bliain. Tá caoi i bhfad níos fearr ar an Ghaeilge ná mar atá ar fhormhór na dteangacha eile a labhraítear ar an domhan faoi láthair: tá a lán páistí á dtógáil le Gaeilge ón chliabh (agus gan ach an t-aon teanga amháin acu go dtí go bhfoghlaimíonn siad an Béarla sa scoil), tá tacaíocht láidir an stáit agus an phobail aici agus tá an toil ann í a choinneáil beo. Mar sin féin, níor chóir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an teanga slán sábháilte go fóill...

Add a comment