التصحيحات · 4
Cleachtadh - ionstraim a sheinnim
Dia dhaoibh a chairde - is mian liom bhur n-aithne a chur ar ionstraim cheol Éireannach a bhíonn á sheinm agam le timpeall's trí bliana anois.
Is uirlis cheoil aisteach í agus caithfear/caithfidh tú a bheith i do shuí agus tú á sheinm. Tá trí chomhábhair ann: mála, bolg agus seamsúr. Cuirtear an mála faoin ascaill chlé agus teannann an ceoltóir an mála ionas go dtagann aer isteach sa seamsúr. Is é an seamsúr an páirt is tábhachtaí den ionstraim agus is eisean a chuireann amach an ceol; tá ocht bpoll air, ar a gcuirtear na méara orthu. Is é an bolg an pháirt a thugann aer don mhála. Teannann an ceoltóir é lena uillinn.
Cé aige atá fios cén t-ainm atá ar an ionstraim seo? Tá Éireannaigh go leor ann nár chuala fúithi ar bith.
Slán go fóill!
David
Fair play dhuit David(a Dhaithí)! Is ar éigean a bhfuil mé in ann creidiúint gur Gearmánach thú, cé chomh dochreidte is atá do chuid Gaeilge. Baineadh stangadh ceart asam agus mé ag léamh do phíosa scríbhneoireachta. Ba chóir dhuit a bheith fíor-bhródúil asat. Tá bua na dteangacha agat, gan amhras, agus is álainn dom léamh mar Éireannach go mbíonn daoine ann amuigh ansin cosúil leatsa a bhfuil suim chomh mór acu(a foghraítear mar 'acub' i gConamara) sa teanga seo againne. Ádh mór a chara! (piobaire atá ionat, an bhfuil?)
Ralph/Rádhulbh
هل تريد التطور بشكل أسرع؟
انضم لمجتمع التعلّم هذا وجرّب التمرينات المجانية!
لا تفوّت فرصة تعلّم لغة جديدة وأنت مرتاح في منزلك. تصفّح مجموعتنا المختارة من مدرّسي اللغات ذوي الخبرة وسجّل في درسك الأول الآن!
ابدأ التعلم اليوم
