Bealach Níos Éasca Le "X Eile" A Rá I nGaeilge Agus I dTeangacha Eile
Dia daoibh, a chairde. Conas atá sibh? Tá bhur gcabhair ag teastáil arís uaim. Conas a déarfadh sibh "rud eile" sna teangacha seo, Béarla, Rúisis, Spáinnis, Indinéisis, Fraincis, Gearmáinis, agus Seapáinis? Mar shampla "Níl a fhios agam ar cheannaigh Josh capall eile". B'fhéidir gur "I don't know whether/if Josh bought another horse." i mBéarla í an abairt seo, gur "Я не знаю, купил ли Джаш еще одного коня." i Rúisis í, agus gur "No sé si Josh compró otro caballo." i tSpáinnis í [ní chuirtear t roimh s- ach i ndiaidh an ailt, in ionad an tséimhithe, ach ní chuirtear riamh roimh sp- é ós rud é nach inséimhithe an carn consan seo]? Agus b'fhéidir gur "Saya tidak tahu apakah Josh membeli satu kuda lagi." in Indinéisis í, gur "Je ne sais pas si Josh a acheté un autre cheval." i bhFraincis í, agus gur "Ich weiß nicht, ob Josh ein anderes Pferd kaufte." i nGearmáinis í? Sílim gur "ジョズが馬を買ったのか知らない。" i Seapáinis í. Go raibh maith agaibh!
Maith thú, a Sheáin. Ní dóigh liom go bhfuil bealach níos éasca le "X eile" a rá i nGaeilge, áfach, ach tá an bealach seo éasca go leor dar liom.