ابحث بين معلمي الإنجليزية المتعددين...
Kseniia
"Arsa" nó "a dúirt"?
Dia daoibh!
Ba mhaith liom* ceist a chur oraibh: cén difear idir "arsa" agus "a dúirt"?
Úsáideann scríbhneoirí áirithe "arsa", mar shampla:
"Aistrigh í sin," _ar_ seisean.
agus úsáideann scríbhneoirí eile "abair", mar shampla:
"Tá go maith," a _dúirt_ sé.
Cén difear eatarthu? An bhfuil na briathra seo inmhalartaithe i gcaint dhíreach (i.e., i gclásal tuairiscithe)?
(Gabhaigí mo leithscéal as na botúin a rinne mé)
*P.S. Could you please tell me what construction can be used instead of "ba mhaith liom" here? As I understand, it's more like "I'd like to" and it doesn't sound like a really polite request to me... Is there anything along the lines of "May I please ask you..."? "An féidir liom ceist a chur oraibh?" maybe?
٦ يونيو ٢٠١٨ ٢٢:١٣
الإجابات · 4
1
Mar is eol duit ar ndóigh, tá úsáid i bhfad níos teoranta ag "arsa": ní féidir é a úsáid ach le caint dhíreach a chur in iúl; tagann sé i ndiaidh an fhriotail luaite i gcónaí; an aimsir chaite (nó an aimsir láithreach uaireanta) atá i gceist. Tá rialacha speisialta ag baint leis fosta: úsáidtear foirm threise an fhorainm (mise, tusa, srl.) leis; tá an fhoirm "ar" air nuair is forainm den 3ú pearsa atá ag gabháil leis.
Is minic a úsáidtear an dá bhriathar mar an gcéanna i gclásal tuairiscithe, ach dar liomsa nach bhfuil an bhrí cheannann chéanna ag baint leo. "Arsa" an fhoirm neodrach agus baintear feidhm as go hiondúil le friotal a aithris. "A dúirt" a úsáidtear le béim a chur ar an fhriotal (m.sh. 'Ar thuig tú an méid a dúirt an boc sin?' '"Tá fiche euro agam ort" a dúirt sé'). Ní dóigh liom go bhfuil 'achan duine ag cloí leis an dealú seo an lá atá inniu ann (éilliú ón Bhéarla is cúis leis sin, dar liom), ach sin mar a úsáidim féin iad. Mar sin de, mholfainn "arsa" a úsáid nó dar liom gurb é sin an ceann is "gaelaí".
Maidir leis an cheist eile, d'fhéadfá a rá "ceist agam ort" go díreach. Ná bí ag aithris ar an Bhéarla agus tú ag iarraidh a bheith níos cúirtéisí (mar a dúirt mé cheana, caith amach an Béarla as do chloigeann agus tú i mbun na Gaeilge). Le bheith níos cúirtéisí (agus tú ag caint le duine nach bhfuil aithne agat air, cuir i gcás), d'fhéadfá a rá "Ceist agam ort, a dhuine chóir!", nó rud mar sin. Rud eile a d'fhéadfá a rá sula bhfiafraí tú ná "Cogar mé seo" (nó fiú "Goitse" (= "gabh anseo") ach níl a fhios agam an dtuigfear taobh amuigh de Chúige Uladh).
٧ يونيو ٢٠١٨
لم تجد إجاباتك بعد؟
اكتب اسألتك ودع الناطقين الأصليين باللغات يساعدونك!
Kseniia
المهارات اللغوية
الإنجليزية, الغيلية (الأيرلندية), الروسية
لغة التعلّم
الإنجليزية, الغيلية (الأيرلندية)
مقالات قد تعجبك أيضًا

How to Ask for a Raise or Promotion in English
9 تأييدات · 8 التعليقات

The Key to Learning a Language Faster
30 تأييدات · 8 التعليقات

Why "General English" is Failing Your Career (An Engineer’s Perspective)
30 تأييدات · 12 التعليقات
مقالات أكثر
