Busca entre varios profesores de Inglés...
Russia flagKseniia
Beirt mhanaigh lá amháin (aistriúchán dílis) Bhí an ghaoth ag sianaíl an oíche sin agus bhí sé ag cur is ag báistigh Buaileadh an doras, d'oscail mé é láithreach Manach fliuch báite a bhí ann Lig mé isteach é. Chuir mé ina shuí ag an tábla é Agus bhí sé ina thost Chuir mé tae amach dó Ach buaileadh cnag ar an doras uair amháin eile. Bhí an manach céanna ina sheasamh sa doras Agus d'amharc sé suas orm: "Tabhair dídean domh don oíche anocht, chuaigh mé ar strae!" Ach ansin dúirt mé leis: "Nach bhfuil ciall ar bith do náire agat! Nach dána an mhaise duit a bheith ag magadh fúm?" Agus dúirt sé liom: "Tá aithne agat orm, bhuail mé isteach i do theach aréir." Dhún mé an doras agus aoibh an gháire orm, níor lig mé isteach sa teach é: "Níl mé róthógtha leis, tá cleas níos fearr ná sin agat!" Shiúil mé ar ais teach agus bhain an radharc geit asam: Bhí m'aoi le muga tae ina shuí ansin Chonaic mé é... agus mé féin féin taobh leis (2x) (c) "Rí agus Abhlóir" https://m.youtube.com/watch?v=ucLgGYEJ66E Liricí: http://korol-i-shut.su/songs/text/dva-monaha-v-odnu-noch.html

Correcciones · 2

1
Beirt mhanach [the personal numbers take the genitive plural] lá amháin

(aistriúchán dílis)

Bhí an ghaoth ag sianaíl an oíche sin agus bhí sé ag cur is ag báistigh [it would be báisteach in the Standard language, but it's common to use the dative of verbal nouns after ag in the dialects]
Buaileadh an doras, d'oscail mé é láithreach
Manach fliuch báite a bhí ann
Lig mé isteach é.

Chuir mé ina shuí ag an tábla é
Agus bhí sé ina thost
Chuir mé tae amach dó
Ach buaileadh cnag ar an doras uair amháin eile.

Bhí an manach céanna ina sheasamh sa doras
Agus d'amharc sé suas aníos [since he's looking up to you from below; suas would imply that he's looking at something above you] orm:
"Tabhair dídean domh don oíche anocht, chuaigh mé ar strae!"

Ach ansin dúirt mé leis: "Nach bhfuil ciall ar bith do náire agat [ar fheabhas!]! Nach dána an mhaise duit a bheith ag magadh fúm?"
Agus dúirt sé liom:
"Tá aithne agat orm, bhuail mé isteach i do theach aréir."

Dhún mé an doras agus aoibh an gháire orm, níor lig mé isteach sa teach é:
"Níl mé róthógtha leis, tá cleas níos fearr ná sin agat!"

Shiúil mé ar ais isteach agus bhain an radharc geit asam:
Bhí m'aoi le muga tae ina shuí ansin
Chonaic mé é... agus mé féin féin taobh leis (2x)

(c) "Rí agus Abhlóir"
https://m.youtube.com/watch?v=ucLgGYEJ66E

Liricí:
http://korol-i-shut.su/songs/text/dva-monaha-v-odnu-noch.html

Fíormhaith, a chara! An fíorscéal é?

¿Quieres avanzar más rápido?

¡Únete a esta comunidad de aprendizaje y prueba ejercicios gratuitos!

No pierdas la oportunidad de aprender un idioma desde la comodidad de tu casa. ¡Explora nuestra selección de profesores de idiomas con experiencia e inscríbete ya en tu primera clase!

Empieza a aprender hoy