David
Cuidiú? Thosaigh mé leabhair a léamh as Gaeilge inniu (Ar Nós An Pháiste, scriofa ag Pádraig Standún) agus m'anam is deacair an obair é =P Ach le chuidiú m'fhoclóra, tá sé ag éirí go breá liom cé faoi a bhfuil an scéal, go dtí anois ar a laghad. Seachas aon abairt amhain atá bhur gcuidiú ag teastáil uaim... "Chuir sé an oiread dá mheáchan agus ab fhéidir leis ar a chuid uillineacha leis an mbrú a thógáil dá chosa." Tig liom gach focal a fháil as foclóir, ach tá an abairt fein i ndhiamhair. Tugaigí cuide liom, mara miste libh =)
2014年8月25日 16:23
解答 · 1
Is cosúil go bhfuil mo dhuine ag siúl le maidí croise nó rud éigin mar sin agus gan mórán nirt ina dhá chois aige, mar sin féachann sé le taca a bhaint as na maidí seachas a mheáchan uilig a ligint ar a chosa. I mBéarla: "He put as much of his weight as he could on his elbows to ease the pressure on his legs." Dála an scéil, tá Gaeilge ar fheabhas agat!
2014年8月26日
還沒找到你要的答案嗎?
寫下你的問題,讓母語者來幫助你!