Wählen Sie aus verschiedenen Englisch Lehrkräften für ...
Russia flagKseniia
Lá na Spásaireachta Bhí Lá na Spásaireachta ann inné — tá naoi mbliana is caoga imithe ón lá a chuaigh an chéad fhear sa spás. Bhuel, sílim go bhfuil aithne ag gach duine ar Yury Gagarin, ach an bhfuil a fhios agaibh cérbh é Sergei Korolev? Tá súil agam go bhfuil a fhios agaibh, mar gurbh eisean a rinne an obair innealtóireachta go léir. Ba phríomhinnealtóir an chláir spáis sin é. Nuair a bhí mé i mo scoláire, deireadh ollamh de mo chuid arís agus arís: "mar a dúirt Sergei Korolev, "is é cúram an príomhinnealtóra dearadh an mhodheolaíocht, agus is an príomhinnealtóir atá i bhfeighil an chórais sábháilteachta, ó thaobh na moráltachta agus dlíthiúlachta de. Ná bímis ag ceapadh go gcuirfidh sibh dallamullóg ar saol: déanaigí faillí i rud éigin agus feicfidh sibh go millfidh sé gach rud in antráth." Focail eagnaí; bhí an-chliste Korolev, níl aon amhras faoi. Ach déanta na fírinne, ní raibh sé chomh leadránach i gcónaí: ná déanaimis dearmad gurbh é an duine céanna a maíomh go daingean "Tá talamh daingean ag an ghealach" nuair a bhí eolaithe Sóivéadacha eile in amhras faoi seo roimh an chéad shiúlóid ar an ngealach (conas faoin spéir a bheadh a fhios aige sin, arsa sibhse? bhuel, ní raibh a fhios aige sin go cinnte, ach b'fhiú é a thriail). Ar aon nós, rinne sé obair mhór ar son spásaireachta agus eolaíochta, agus tá cuid dár gcuimhne tuillte aige chomh maith. Ach maidir le Yury Gagarin, anseo féadann sibh agallamh leis a fheiceál — https://www.youtube.com/watch?v=KSvAe7_GjJM (Dála an scéil, nach Béarla an-mhaith ag an t-aistritheoir Sóivéadach? Ba bhreá liom bheith ábalta aistriú ó Rúisis chomh furasta lá éigin) *Brón orm, tá a fhios agam go bhfuil an nóta seo lán de bhotúin, ach chuaigh mé amú ar fad i bhfochlásail agus rudaí eile...

Korrekturen · 3

1
Lá na Spásaireachta

Bhí Lá na Spásaireachta ann inné — tá naoi mbliana is caoga imithe ón lá a chuaigh an chéad fhear sa spás. Bhuel, sílim go bhfuil aithne ag gach duine ar Yury Gagarin, ach an bhfuil a fhios agaibh cérbh é Sergei Korolev? Tá súil agam go bhfuil a fhios agaibh, mar gurbh eisean a rinne an obair innealtóireachta go léir. B'eisean phríomhinnealtóir an chláir spáis sin é [ní abairt aicme í seo ach abairt ionannais: níor phríomhinnealtóir de chuid an chláir spáis é, ach an príomhinnealtóir (agus féach gur frása ainmfhoclach cinnte é "príomhinnealtóir an chláir spáis sin" ar aon nós, mar sin ní féidir é a chur sa struchtúr a d'úsáid tú)].

Nuair a bhí mé i mo scoláire, deireadh ollamh de mo chuid arís agus arís: "mar a dúirt Sergei Korolev, 'is é cúram an phríomhinnealtóra dearadh an mhodheolaíocht a dhearadh [ach sílim gurbh fhearr briathar eile in ionad "dear": "ceap" nó "leag amach", nó "beartaigh", b'fhéidir, nó tugann "dear" le tuiscint gur ag tarraingt an mhodheolaíocht le peann luaidhe ar phíosa páipéir atá sé], agus is é an príomhinnealtóir atá i bhfeighil an chórais sábháilteachta, ó thaobh na moráltachta agus na [bíonn a alt féin ag gach ainmfhocal in abairtí mar seo, murab ionann agus an Béarla inar féidir an t-aon alt amháin a úsáid le sraith ainmfhocal] dlíthiúlachta de. Ná bímis ag ceapadh go gcuirfidh sibh dallamullóg ar an tsaol [nó "ar an saol" i gcanúintí neamh-Ultacha]: Ach a ndéanaigí sibh faillí i rud éigin [tá mé ag déanamh go raibh tú ag iarraidh "Neglect something and you'll see..." a chur in iúl, ach ní ceart an modh ordaitheach in a leithéid d'abairt i nGaeilge. Seachas ar mhol mé cheana, d'fhéadfá "Ach faillí a dhéanamh..." nó fiú "Má dhéanann sibh faillí..." a rá fosta], agus feicfidh sibh go millfidh sé gach rud in antráth.'"
Focail eagnaí; bhí an-chliste Korolev an-chliste, níl aon amhras faoi. Ach déanta na fírinne, ní raibh sé chomh leadránach i gcónaí: ná déanaimis dearmad gurbh é an duine céanna a mhaígh [nó "a mhaíodh"] go daingean "Tá talamh daingean ar an ghealach" nuair a bhí eolaithe Sóivéadacha eile in amhras faoi seo roimh an chéad shiúlóid [séimhítear consan i ndiaidh "céad" de ghnáth, ach ní na consain "dhéadacha"] ar an ghealach [níl "ar an ngealach" mícheart ar ndóigh, ach ó tharla go raibh réamhfhocal+alt+séimhiú agat níos luaithe san abairt chéanna, cheartaigh mé seo ar mhaithe le comhsheasmhacht] (conas faoin spéir a bheadh a fhios aige sin, arsa sibhse? bhuel, ní raibh a fhios aige sin go cinnte, ach b'fhiú é a thriail).

Ar aon nós, rinne sé obair mhór ar son na spásaireachta agus na heolaíochta, agus tá cuid dár gcuimhne [nó "áit inár gcuimhne"] tuillte aige chomh maith.

Ach maidir le Yury Gagarin, anseo féadann sibh tá agallamh leis a le fheiceál anseo — https://www.youtube.com/watch?v=KSvAe7_GjJM

(Dála an scéil, nach Béarla an-mhaith atá [nó, níos fearr arís, "nach an-mhaith an Béarla atá..."] ag an t-aistritheoir [ní bhíonn an "t-" seo ann ach sa tuiseal ainmneach] Sóivéadach? Ba bhreá liom a bheith ábalta aistriú ón Rúisis chomh furasta sin lá éigin)


*Brón orm, tá a fhios agam go bhfuil an nóta seo lán de bhotúin, ach chuaigh mé amú ar fad i bhfochlásail agus rudaí eile... Ná bíodh brón ort, ní raibh sé chomh botúnach is a shíleann tú, leoga an-iarracht ar fad a rinne tú.

Möchten Sie schneller voran kommen?

Treten Sie dieser Lern-Community bei und testen Sie kostenlose Übungen!

Verpassen Sie nicht die Gelegenheit, bequem von zu Hause aus eine Sprache zu lernen. Stöbern Sie in unserer Auswahl an erfahrenen Sprachlehrern und melden Sie sich jetzt zu Ihrer ersten Unterrichtsstunde an!

Heute mit dem Lernen beginnen