Patchy
Репетитор сообщества
Tuige an bhfuil an chuid is mó de na hamhráin brónach?
Tá go leor leor amhráin bhrónacha i nGaeilge, agus cuid mhaith acu faoi bhá éigin in am éigin, mar ní bhíodh snámh ar bith ag an gcuid is mó de na bádóirí, agus cailleadh na céadta acu chuile bhliain.
Níor mhaith leo an snámh a fhoghlaim, mar deirtí gur dúshlán Dé é, a bheith in ann snámh.
Tá an oiread sin amhráin faoi bhá éigin nó eile ar chósta na hÉireann gur doiligh an ceann is brónaí a phiocadh amach.
Cé acu is fearr nó is cumasaí, meas sibh?
Cé a chuala Curacha Na Trá Báine, faoin triúir fear óga a bádh lá éigin i Bhá na Gaillimhe, deartháireacha ar fad iad, agus an t-amhrán cumtha ag an mbean óg a bhí geallta ag duine acu, í féin an duine a fuair a mbád folamh leagtha ar an Trá Bhán cúpla lá tar éis na timpiste.
Bhainfeadh sé deora as clocha.
Cén ceann eile, meas sibh?
7 окт. 2018 г., 17:06
Комментариев · 4
3

"...agus fiú an té nár chaith, b'fhéidir go bhfuil sé fágtha ina Oisín i ndiaidh na Féinne agus a chairde cléibh faoi fhód agus gan duine ar bith aige le cian a bhaint de (m.sh.www.youtube.com/watch?v=Mf7j-Q7lj-w)"

A Dhia, sin an t-amhrán is brónaí dár chuala mé riamh...

10 октября 2018 г.
3
Is iomaí cúis bhróin in Éirinn iathghlas na n-amhránaithe, faraor: an té nár báitheadh a mhac (m.sh. https://youtu.be/HqrNB7gPPPY), bhí air a thír bheag dhílis a thréigean le teitheadh ar ghorta nó ar an bhochtaineacht (m.sh www.youtube.com/watch?v=y-IdyWs3axc), agus an té nár éalaigh thar toinn é féin, d'éalaigh grá a chroí air (m.sh. www.youtube.com/watch?v=Bkf3QqOpozU), b'fhéidir sin faoi iomartas (m.sh. youtu.be/DZMZxoEtVl0), é sin nó thug sé grá gan chúiteamh (m.sh. www.youtube.com/watch?v=yoaoN4ZnwvA), agus an té nár éalaigh an cailín air, a mhairg gur chaith sé a shaol gan dóigh agus chuir a óige amú ar an drabhlás (m.sh. youtu.be/KBKANb1flu8), agus fiú an té nár chaith, b'fhéidir go bhfuil sé fágtha ina Oisín i ndiaidh na Féinne agus a chairde cléibh faoi fhód agus gan duine ar bith aige le cian a bhaint de (m.sh. www.youtube.com/watch?v=Mf7j-Q7lj-w), agus murar bhain tubaiste ar bith eile don amhránaí, is féidir fós gur chaill sé a mhadadh (m.sh. www.youtube.com/watch?v=dyWNJFIUF4M). Ochón, nach duáilceach dona duairc é an saol! Ní hionadh ar bith amhráin ghaelacha a bheith chomh brónach is atá.

9 октября 2018 г.
2

@Coligno, hm, sea, is brónach na hamhráin iad go deimhin, ach ní ceart duit bheith ag déanamh bróin rófhada. Ach is mór an mhaith go bhfuil croí bog agat :)

Agus is fíorscéinséir síceolaíoch é an dara hamhrán. An créatúr bocht.

24 октября 2018 г.
2

Muise, is é atá brónach, ceart go leor.

Amhráin as Tír Chonaill den chuid is mó na hamhráin a thug mé cheana. Ar ndóigh in áiteanna eile sa tír bíonn deacrachtaí éagsúla ag na daoine, a thugann faoi bhrón iad agus a chuireann ag ceol iad. Cuir i gcás an t-amhrán seo as Conamara faoi dhreoilín bocht ar ith cat cíocrach é: https://youtu.be/_dJ5zcNUROk nó an t-amhrán seo faoi scéal léanmhar damháin alla a fuair bás i ndiaidh dó titim ón airde anuas agus a dhroim a bhriseadh: https://www.youtube.com/watch?v=1Pxd62kiLdY&list=RDALzve2en9QI&index=2 .

23 октября 2018 г.
Patchy
Языковые навыки
английский, французский, фризский, гэльский (ирландский), другой, сильбо гомеро, испанский
Изучаемый язык
фризский