Cleachtadh - ionstraim a sheinnim
Dia dhaoibh a chairde - is mian liom <em>bhur n-aithne a chur</em> ar ionstraim cheol Éireannach <em>a bhíonn á sheinm agam</em> le timpeall's trí bliana anois.
Is uirlis cheoil aisteach í agus <em>caithfear/caithfidh tú a bheith i do shuí agus tú á sheinm</em>. Tá trí chomhábhair ann: mála, bolg agus seamsúr. Cuirtear an mála faoin ascaill chlé agus <em>teannann an ceoltóir an mála</em> ionas go dtagann aer <em>isteach sa</em> seamsúr. Is é an seamsúr <em>an páirt is tábhachtaí</em> <em>den ionstraim</em> agus <em>is eisean a chuireann amach</em> an ceol; tá ocht bpoll air<em>, ar</em> a gcuirtear na méara orthu. Is é an bolg an pháirt a thugann aer don mhála. Teannann an ceoltóir é lena uillinn.
Cé aige atá fios cén t-ainm atá ar an ionstraim seo? Tá Éireannaigh go leor ann nár chuala fúithi ar bith.
Slán go fóill!
David
<em>Fair play dhuit David(a Dhaithí)! Is ar éigean a bhfuil mé in ann creidiúint gur Gearmánach thú, cé chomh dochreidte is atá do chuid Gaeilge. Baineadh stangadh ceart asam agus mé ag léamh do phíosa scríbhneoireachta. Ba chóir dhuit a bheith fíor-bhródúil asat. Tá bua na dteangacha agat, gan amhras, agus is álainn dom léamh mar Éireannach go mbíonn daoine ann amuigh ansin cosúil leatsa a bhfuil suim chomh mór acu(a foghraítear mar 'acub' i gConamara) sa teanga seo againne. Ádh mór a chara! (piobaire atá ionat, an bhfuil?)
Ralph/Rádhulbh </em>