"...agus fiú an té nár chaith, b'fhéidir go bhfuil sé fágtha ina Oisín i ndiaidh na Féinne agus a chairde cléibh faoi fhód agus gan duine ar bith aige le cian a bhaint de (m.sh.www.youtube.com/watch?v=Mf7j-Q7lj-w)"
A Dhia, sin an t-amhrán is brónaí dár chuala mé riamh...
@Coligno, hm, sea, is brónach na hamhráin iad go deimhin, ach ní ceart duit bheith ag déanamh bróin rófhada. Ach is mór an mhaith go bhfuil croí bog agat :)
Agus is fíorscéinséir síceolaíoch é an dara hamhrán. An créatúr bocht.
Muise, is é atá brónach, ceart go leor.
Amhráin as Tír Chonaill den chuid is mó na hamhráin a thug mé cheana. Ar ndóigh in áiteanna eile sa tír bíonn deacrachtaí éagsúla ag na daoine, a thugann faoi bhrón iad agus a chuireann ag ceol iad. Cuir i gcás an t-amhrán seo as Conamara faoi dhreoilín bocht ar ith cat cíocrach é: https://youtu.be/_dJ5zcNUROk nó an t-amhrán seo faoi scéal léanmhar damháin alla a fuair bás i ndiaidh dó titim ón airde anuas agus a dhroim a bhriseadh: https://www.youtube.com/watch?v=1Pxd62kiLdY&list=RDALzve2en9QI&index=2 .